Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Lairge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoinn a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi. Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air. “Is seoid drithleach atá sa leabhar seo. Tá cur síos ann atá chomh beo, chomh braiteach, chomh lán de chroí is de nádúr, le haon rud atá léite agam le fada an lá, in aon teanga. Is fada ó bhraith mé chomh gar do shuíomh agus do phearsana staire. Anuas air sin tá giotaí comhrá agus cainte ann atá chomh blasta sin nach bhfuil aon tsamhail agam orthu ach mar a bheadh gráinní salainn ar an lus súgach, a bhaineann geit phléisiúrtha asat agus a chuireann fonn ort a thuilleadh a bhlaiseadh. Tá daonnacht agus grinneas agus dea-stíl scríbhneoireachta sa leabhar seo chomh maith le haon rud atá scríofa.” —Liam Mac Cóil "Léiriú ar mhianta, ar bhriseadh croí, ar fhulaingt, ar dhaonnacht mhóruaisle agus ghnáthdhaoine. Sin bua Mháire Mhac an tSaoi, bua na samhlaíochta.... Tá sí ina máistir go hiomlán ar an gceird." —Tadhg Ó Dúshláine, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Éiríonn le Máire Mhac an tSaoi an cúlra staire a shníomh isteach san úrscéal ar bhealach an-chaolchúiseach." — Meidhbhín Ní Úrdail, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Mac an tSaoi has not only written a beautiful and natural ode to a forgotten era of Irish life, an ode characterised by its humanity and poetic language but she has also usurped some of the more recent traditions that circumscribed the image or representation of Gearóid Iarla." — Micheál Ó hAodha, Dublin Review of Books Léirmheas ar Scéal Ghearóid Iarla ar an Dublin Review of Books Scéal Ghearóid Iarla ar Clubleabhar.com Físeáin Máire Mhac an tSaoi ag léamh as Scéal Ghearóid Iarla Agallamh le Máire Mhac an tSaoi faoi Scéal Ghearóid Iarla Scéal Ghearóid Iarla ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)
Seo é an chead úrscéal le Pádraig Ua Maoileoin. D'fheadfaí 'Lá Lá i nDún Chaoin'; a bhaisteadh ar Bríde Bhán. Tá an scéal seo fáiscthe isteach i dhá lá i saol an pharóiste agus is ionann an dá lá sin agus dhá chead bliain i saol na hÉireann. Bréag-ghaiscer agus fir is mná ag imeacht seasc.., breeoiteacht mhór an tsaoil, agus fonn luí le bean ar gach aon fhear. Úrscéal cumhachtach saibhir ina leagann an t-údar méar ar cheann de ghalair mhóra shóisialta na tíreas miocracasm an tsaoi i bparóiste beag amháion in Éirinn.
Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad agus cuirtear tús le hoíche scéalaíochta a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann, agus le bainis a chríochnóidh le loscadh tí agus le marú ar bhruacha Loch Deirgeirt.
Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.
I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.
Gradam IRISH BOOK AWARDS
Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua - sin é atá i scéal na n-eachtraí sin faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lúgh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne? Is as na seanleabhra léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ach ceisteanna go leor nach iad faoi ghnéithe den réamhstair ata faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann, sin é is ábhar agus is téama dó. Sin agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.